Airteagal 32

Slándáil na próiseála

  • Agus an úrscothacht, na costais a bhaineann leis an gcur chun feidhme, agus cineál, comhthéacs, raon feidhme agus cuspóirí na próiseála á gcur san áireamh mar aon leis na rioscaí do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus leibhéal athraitheach déine ag gabháil leo, cuirfidh an rialaitheoir agus an próiseálaí bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme chun leibhéal slándála a áirithiú is iomchuí don riosca sin, lena n-áirítear, inter alia, de réir mar is iomchuí:
    • (a) ainm bréige a chur i bhfeidhm agus criptiú a dhéanamh i ndáil le sonraí pearsanta;
    • (b) an cumas rúndacht leanúnach, sláine, infhaighteacht agus athléimneacht na gcóras agus na seirbhísí próiseála a áirithiú;
    • (c) an cumas infhaighteacht agus rochtain ar shonraí pearsanta a athshlánú ar mhodh tráthúil sa chás ina dtarlaíonn teagmhas fisiciúil nó teicniúil;
    • (d) próiseas chun tástáil, measúnú agus meastóireacht rialta a dhéanamh ar éifeachtúlacht na mbeart teicniúil agus eagraíochtúil chun slándáil na próiseála a áirithiú.
  • Agus measúnú á dhéanamh ar leibhéal iomchuí slándála, tabharfar aird go háirithe ar na rioscaí a bhaineann leis an bpróiseáil, go háirithe scrios, cailleadh, athrú nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó neamhdhleathach.
  • Má chloítear le cód formheasta iompair amhail dá dtagraítear in Airteagal 40 nó le sásra formheasta deimhniúcháin amhail dá dtagraítear in Airteagal 42, féadfar sin a úsáid mar eilimint lena thaispeáint go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo.
  • Déanfaidh an rialaitheoir agus an próiseálaí bearta lena áirithiú nach ndéanann aon duine nádúrtha atá ag gníomhú faoi údarás an rialaitheora nó an phróiseálaí agus a bhfuil rochtain aige ar shonraí pearsanta na sonraí sin a phróiseáil ach amháin ar threoracha a fháil chuige sin ón rialaitheoir, seachas más gá dó nó di sin a dhéanamh faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit.