Airteagal 74

Cúraimí an Chathaoirligh

  • Is iad na cúraimí seo a leanas a bheidh ar an gcathaoirleach:
    • (a) cruinnithe an Bhoird a thionól agus a chlár oibre a ullmhú;
    • (b) cinntí a ghlac an Bord de bhun Airteagal 65 a chur in iúl don phríomhúdarás maoirseachta agus do na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann;
    • (c) feidhmiú tráthúil chúraimí an Bhoird a áirithiú, go háirithe i ndáil leis an sásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 65.
  • Déanfaidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí leithroinnt na gcúraimí idir an cathaoirleach agus na leaschathaoirligh a leagadh síos ina rialacha nós imeachta.