Airteagal 39

Cúraimí an oifigigh cosanta sonraí

  • Beidh na cúraimí seo a leanas ar a laghad ag an oifigeach cosanta sonraí:
    • (a) fógra a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí agus do na fostaithe a dhéanann an phróiseáil, agus comhairle a chur orthu siúd chomh maith, faoi na hoibleagáidí atá orthu de bhun an Rialacháin seo agus de bhun dlí eile de chuid an Aontais um chosaint sonraí nó de bhun fhorálacha eile Ballstáit um chosaint sonraí;
    • (b) faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo, ar chomhlíonadh dlí eile de chuid an Aontais um chosaint sonraí nó ar chomhlíonadh fhorálacha eile Ballstáit um chosaint sonraí, agus ar chomhlíonadh bheartais an rialaitheora nó an phróiseálaí maidir le cosaint sonraí pearsanta, lena n- freagrachtaí a shannadh, cur leis an bhfeasacht agus oiliúint a chur ar chomhaltaí foirne atá bainteach le hoibríochtaí próiseála, agus maidir leis na hiniúchtaí gaolmhara;
    • (c) comhairle a thabhairt nuair a iarrtar sin air maidir leis an measúnú tionchair ar chosaint sonraí agus faireachán a dhéanamh ar a fheidhmíocht de bhun Airteagal 33;
    • (d) comhoibriú leis an údarás maoirseachta; agus
    • (e) gníomhú mar an pointe teagmhála don údarás maoirseachta i dtaobh saincheisteanna a bhaineann leis an bpróiseáil, lena n-áirítear an réamhchomhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 36, agus dul i gcomhairle, i gcás inarb iomchuí, maidir le haon ábhar eile.
  • Agus a chúraimí nó a cúraimí á ndéanamh ag an oifigeach cosanta sonraí, tabharfaidh sé nó sí aird chuí ar na rioscaí a bhaineann le hoibríochtaí próiseála, agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála á gcur san áireamh.