Airteagal 14

An fhaisnéis a bheidh le soláthar i gcás nár bailíodh na sonraí ón ábhar sonraí

  • I gcás nár bailíodh na sonraí pearsanta ón ábhar sonraí, soláthróidh an rialaitheoir an fhaisnéis seo a leanas don ábhar sonraí:
    • (a) céannacht agus sonraí teagmhála an rialaitheora agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht agus sonraí teagmhála ionadaí an rialaitheora;
    • (b) sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí, más ann dó, más infheidhme;
    • (c) críocha na próiseála dá bhfuil na sonraí pearsanta beartaithe chomh maith leis an mbunús dlí don phróiseáil;
    • (d) catagóirí na sonraí pearsanta lena mbaineann;
    • (e) faighteoirí nó catagóirí fhaighteoirí na sonraí pearsanta, más ann dóibh;
    • (f) i gcás inarb infheidhme, go bhfuil sé beartaithe ag an rialaitheoir sonraí pearsanta a aistriú chuig faighteoir i dtríú tír nó in eagraíocht idirnáisiúnta agus cibé arb ann nó nach ann do chinneadh leordhóthanachta, nó i gcás na n-aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 46 nó in Airteagal 47, nó sa dara fomhír d’Airteagal 49(1), tagairt do na coimircí iomchuí nó oiriúnacha agus na bealaí chun cóip díobh a fháil nó cá bhfuil siad ar fáil.
  • De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, soláthróidh an rialaitheoir don ábhar sonraí an fhaisnéis a leanas is gá chun próiseáil chothrom agus thrédhearcach a áirithiú maidir leis an ábhar sonraí:
    • (a) tréimhse stórála na sonraí pearsanta, nó murarb indéanta sin, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a chinneadh;
    • (b) i gcás ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar phointe (f) d’Airteagal 6(1), na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir nó ag triú páirtí;
    • (c) is ann don cheart rochtain ar shonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhair sonraí agus ceartú nó léirscriosadh na sonraí pearsanta sin, a iarraidh ar an rialaitheoir, nó srianadh ar phróiseáil maidir leis an ábhar sonraí agus is ann don cheart agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála chomh maith leis an gceart chun iniomparthacht sonraí;
    • (d) i gcás ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar phointe (a) d’Airteagal 6(1) nó ar phointe (a) d’Airteagal 9(2), beidh sé de cheart an toiliú a tharraingt siar tráth ar bith, gan difear a dhéanamh do dhlíthiúlacht na próiseála atá bunaithe ar an toiliú sin a fháil roimh an tarraingt siar a dhéanamh;
    • (e) an ceart gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta;
    • (f) an fhoinse as ar tháinig na sonraí pearsanta, agus más infheidhme, ar tháinig na sonraí as foinsí a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu; agus
    • (g) is ann do chinnteoireacht uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú dá dtagraítear in Airteagal 22(1) agus (4) agus sna cásanna sin ar a laghad, d’fhaisnéis a bhaineann leis an loighic a bheidh i gceist, chomh maith le suntasacht na próiseála sin agus na hiarmhairtí a mheastar a bheadh aici ar an ábhar sonraí.
  • Soláthróidh an rialaitheoir an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2:
    • (a) laistigh de thréimhse réasúnta tar éis na sonraí pearsanta a fháil, ach faoi cheann mí amháin ar a dhéanaí, ag féachaint do na himthosca sonracha ina ndéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil;
    • (b) má tá na sonraí pearsanta le húsáid chun cumarsáid a dhéanamh leis an ábhar sonraí, ar a dhéanaí tráth a dhéantar an chéad chumarsáid leis an ábhar sonraí; nó
    • (c) sa chás go bhfuil sé beartaithe na sonraí pearsanta a nochtadh d’fhaighteoir eile, ar a dhéanaí tráth a nochtar na sonraí i gcéad uair.
  • I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an rialaitheoir na sonraí pearsanta a phróiseáil tuilleadh chun críche seachas an chríoch ina bhfuarthas na sonraí pearsanta, cuirfidh an rialaitheoir, sula ndéanfar an tuilleadh próiseála sin, faisnéis ar fáil don ábhar sonraí faoin gcríoch eile sin mar aon le haon fhaisnéis ábhartha bhreise dá dtagraítear i mír 2.
  • Ní bheidh feidhm ag mír 1 go mír 4 i gcás agus a mhéid gur fíor an méid seo a leanas:
    • (a) tá an fhaisnéis faighte cheana ag an ábhar sonraí;
    • (b) tá sé dodhéanta an fhaisnéis sin a chur ar fáil nó bhainfeadh iarracht dhíréireach lena cur ar fáil go háirithe nó chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh, faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí a leagtar síos in Airteagal 89(1) nó a mhéid is dócha nach féidir a chun na críocha sin h a ghnóthú de bharr an oibleagáíd dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó go ndéanfar an gnóthú sin a lagú go mór.;Sna cásanna sin déanfaidh an rialaitheoir na bearta is gá chun cearta, saoirsí agus leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a chosaint, lena n-áirítear an fhaisnéis an fhaisnéis a chur ar fáil go poiblí;
    • (c) leagtar síos fáil nó nochtadh na sonraí go sainráite le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir agus lena bhforáiltear do bhearta iomchuí chun leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a chosaint;
    • (d) i gcás nach mór na sonraí pearsanta a choimeád faoi rún faoi réir oibleagáid rúndachta gairmiúla arna rialú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, lena n-áirítear oibleagáid rúndachta reachtúil.