- Agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála á gcur san áireamh aige, mar aon leis na rioscaí do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus leibhéal athraitheach déine ag gabháil leo, cuirfidh an rialaitheoir bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme le háirithiú agus le bheith in ann a thaispeáint go ndéantar an phróiseáil i gcomhréir leis an Rialachán seo. Déanfar na bearta sin a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta i gcás inar gá.
- Áireofar sna bearta dá dtagraítear i mír 1 go gcuirfidh an rialaitheoir beartais iomchuí um chosaint sonraí chun feidhme má tá sin comhréireach i dtaca le gníomhaíochtaí próiseála.
- Má chloítear le cóid fhormheasta iompair amhail dá dtagraítear in Airteagal 40 nó le sásraí formheasta deimhniúcháin amhail dá dtagraítear in Airteagal 42, féadfar sin a úsáid mar ghné lena thaispeáint go gcomhlíontar oibleagáidí an rialaitheora.
Airteagal 24