Airteagal 5

Prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta

  • Maidir le sonraí pearsanta:
    • (a) déanfar iad a phróiseáil ar bhealach atá dleathach, cothrom agus trédhearcach i ndáil leis an ábhair sonraí (“dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcacht”);
    • (b) déanfar iad a bhailiú chun críocha sonraithe sainráite dlisteanacha agus ní dhéanfar iad a phróiseáil tuilleadh ar shlí atá ar neamhréir leis na críocha sin; tuilleadh próiseála a dhéantar ar shonraí pearsanta chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch agus stairiúil nó chun críocha staidrimh, ní mheasfar, i gcomhréir le hAirteagal 89(1), go bhfuil sí ar neamhréir leis na críocha tosaigh (“teorannú de réir cuspóra”);
    • (c) beidh siad leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis na críocha dá ndéantar iad a phróiseáil (“íoslaghdú sonraí”);
    • (d) beidh siad cruinn agus, i gcás inar gá, coimeádfar suas le dáta iad; déanfar gach beart réasúnta chun a áirithiú go léirscriostar nó go gceartaítear sonraí pearsanta míchruinne gan mhoill, ag féachaint do na críocha ar chucu a dhéantar iad a phróiseáil (“cruinneas”);
    • (e) déanfar iad a choinneáil i bhfoirm nach gceadaítear léi na hábhair sonraí a shainaithint ach go ceann tréimhse nach faide ná mar is gá chun na críocha sin ar chucu a dhéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil a bhaint amach; féadfar sonraí pearsanta a stóráil le haghaidh tréimhsí níos faide a mhéid nach ndéanfar na sonraí sin a phróiseáil ach amháin chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh i gcomhréir le hAirteagal 89(1) faoi réir chur chun feidhme na mbeart iomchuí teicniúil agus eagraíochtúil a cheanglaítear leis an Rialachán seo d’fhonn cearta agus saoirsí an ábhair sonraí a choimirciú (“teorannú stórála”);
    • (f) déanfar iad a phróiseáil ar chaoi go n-áirithítear slándáil iomchuí na sonraí pearsanta, lena n-áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chailleadh, scrios nó damáiste de thaisme, agus úsáid á baint as bearta iomchuí teicniúla nó eagraíochtúla (“sláine agus rúndacht”);
  • Is é an rialaitheoir a bheidh freagrach as mír 1 a chomhlíonadh, agus beidh sé in ann an comhlíonadh sin a thaispeáint (“cuntasacht”).