Airteagal 53

Coinníollacha ginearálta do chomhaltaí an údaráis mhaoirseachta

  • déanfaidh na Ballstáit foráil go bhfuil gach comhalta dá n-údaráis maoirseachta le ceapadh trí nós imeachta trédhearcach agus gur ceann díobh seo a leanas a cheapfaidh é:
  • — a bparlaimint;

    — a rialtas;

    — a gceann Stáit; nó

    — comhlacht neamhspleách ar a gcuirtear de chúraman ceapachán a dhéanamh faoi dhlí Ballstáit,

  • Beidh na cáilíochtaí, an taithí agus na scileanna is gá, go háirithe i réimse na cosanta sonraí pearsanta, ag gach comhalta d’fhonn na dualgais atá air a chomhlíonadh agus d’fhonn na cumhachtaí atá aige a fheidhmiú.
  • Tiocfaidh deireadh le dualgais an chomhalta má théann a théarma oifige in éag, má éiríonn sé as oifig nó i gcás scoir éigeantaigh, i gcomhréir le dlí an Bhallstáit lena mbaineann.
  • Ní dhéanfar comhalta a chur as oifig ach amháin i gcásanna mí-iompair thromchúisigh nó mura gcomhlíonann an comhalta a thuilleadh na coinníollacha atá riachtanach do chomhlíonadh na ndualgas.