Airteagal 94

Treoir 95/46/CE a aisghairm

  • Déantar Treoir 95/46/CE a aisghairm an 25 Bealtaine 2018.
  • Déanfar aon tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo. Déanfar aon tagairtí don Mheitheal um Chosaint Daoine Aonair i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil a bunaíodh le hAirteagal 29 de Threoir 95/46/CE a fhorléiriú mar thagairtí don Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí a bhunaítear leis an Rialachán seo.