Airteagal 81

Imeachtaí a chur ar fionraí

  • I gcás ina mbeidh faisnéis ag cúirt inniúil Ballstáit faoi imeachtaí a bhaineann leis an ábhar céanna i ndáil le próiseáil ag an rialaitheoir céanna nó ag an bpróiseálaí céanna, ar imeachtaí iad atá ar feitheamh i gcúirt i mBallstát eile, rachaidh an chúirt inniúil i dteagmháil leis an gcúirt sin sa Bhallstát eile chun a dhearbhú gurb ann do na himeachtaí sin.
  • I gcás ina mbeidh imeachtaí ar feitheamh i gcúirt i mBallstát eile, ar imeachtaí iad a bhaineann leis an ábhar céanna i ndáil le próiseáil ag an rialaitheoir céanna nó ag an bpróiseálaí céanna, féadfaidh aon chúirt inniúil, seachas an chéad chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair, na himeachtaí sin a chur ar fionraí.
  • I gcás ina mbeidh na himeachtaí sin ar feitheamh ag an gcéad chéim, féadfaidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair dlínse a dhiúltú freisin, ar iarratas ó cheann de na páirtithe, má bhíonn dlínse ag an gcéad chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair i leith na gcaingne atá i gceist agus má cheadaíonn a dlí a gcomhdhlúthú.