Airteagal 13

An fhaisnéis a bheidh le soláthar i gcás go mbailítear sonraí ón ábhar sonraí

  • I gcás go mbailítear sonraí pearsanta ábhar sonraí ón ábhar sonraí, tabharfaidh an rialaitheoir an fhaisnéis uile faoin méid seo a leanas don ábhar sonraí tráth a fhaighfear na sonraí pearsanta:
    • (a) céannacht agus sonraí teagmhála an rialaitheora agus, i gcás inarb ábhartha, céannacht agus sonraí teagmhála ionadaí an rialaitheora;
    • (b) sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí,i gcás inarb ábhartha;
    • (c) críocha na próiseála dá bhfuil na sonraí pearsanta beartaithe chomh maith leis an mbunús dlí don phróiseáil;
    • (d) i gcás ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar phointe (f) d’Airteagal 6(1), na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir nó ag triú páirtí;
    • (d) i gcás inarb infheidhme, faighteoirí na sonraí pearsanta nó catagóirí fhaighteoirí na sonraí pearsanta, más ann dóibh;
    • (e) i gcás inarb infheidhme, go bhfuil sé beartaithe ag an rialaitheoir sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta agus cibé arb ann nó nach ann do chinneadh leordhóthanachta ón gCoimisiún, nó i gcás na n-aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 46 nó in Airteagal 47, nó sa dara fomhír d’Airteagal 49(1), tagairt do na coimircí iomchuí nó oiriúnacha agus na bealaí inar féidir chun cóip díobh a fháil nó an áit inar cuireadh iad ar fáil;
  • De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, soláthróidh an rialaitheoir tráth a fhaighfear sonraí pearsanta don ábhar sonraí, an fhaisnéis bhreise sin is gá chun próiseáil chothrom agus thrédhearcach a áirithiú:
    • (a) tréimhse stórála na sonraí pearsanta, nó murarb indéanta sin, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a chinneadh;
    • (b) is ann don cheart rochtain ar shonraí pearsanta a bhaineann leis ábhar sonraí agus go ndéanfaí ceartú nó léirscriosadh na sonraí sin, a iarraidh ar an rialaitheoir, nó srianadh ar phróiseáil maidir leis an ábhar sonraí agus is ann don cheart agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála chomh maith leis an gceart chun iniomparthacht sonraí;
    • (c) i gcás ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar phointe (a) d’Airteagal 6(1) nó ar phointe (a) d’Airteagal 9(2), beidh sé de cheart an toiliú a tharraingt siar tráth ar bith, gan difear a dhéanamh do dhlíthiúlacht na próiseála atá bunaithe ar an toiliú sin a fháil roimh an tarraingt siar a dhéanamh;
    • (d) an ceart gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta;
    • (e) an ceanglas reachtach nó conarthach é an ceanglas sonraí pearsanta a sholáthar, nó an ceanglas é ar gá é le go ndéanfaí i gconradh, agus an bhfuil oibleagáid ar an ábhar sonraí na sonraí pearsanta sin a sholáthar mar aon leis na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann i gcás nár soláthraíodh na sonraí sin; agus
    • (f) is ann do chinnteoireacht uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú, dá dtagraítear in Airteagal 22(1) agus (4) agus, sna cásanna sin ar a laghad, d’fhaisnéis fhónta faoin loighic a bheidh i gceist, chomh maith le suntasacht na próiseála sin agus na hiarmhairtí a mheastar a bheadh aici ar an ábhar sonraí.
  • I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an rialaitheoir na sonraí pearsanta a phróiseáil tuilleadh chun críche seachas an chríoch dar bailíodh na sonraí pearsanta, cuirfidh an rialaitheoir, sula ndéanfar an tuilleadh próiseála sin, faisnéis ar fáil don ábhar sonraí faoin gcríoch eile sin mar aon le haon fhaisnéis bhreise ábhartha dá dtagraítear i mír 2.
  • Ní bheidh feidhm ag mír 1, mír 2 ná mír 3 i gcás go bhfuil an fhaisnéis ag an ábhar sonraí cheana agus a mhéid go bhfuil.