Airteagal 75

An Rúnaíocht

  • Beidh rúnaíocht ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, a sholáthróidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.
  • Déanfaidh an rúnaíocht na cúraimí a bheidh uirthi a chomhlíonadh go heisiach faoi threoracha Chathaoirleach an Bhoird.
  • Foireann sin an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a bheidh bainteach le cur i gcrích na gcúraimí a chuirfear ar an mBord faoin Rialachán seo a chur i gcrích, beidh sí faoi réir línte tuairiscithe ar leithligh seachas na cinn a bheidh ar an bhfoireann a bheidh bainteach le cur i gcrích na gcúraimí a chuirfear ar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.
  • I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Bord agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, meabhrán tuisceana a bhunú agus a fhoilsiú, lena gcuirfear an tAirteagal seo chun feidhme, lena gcinnteofar téarmaí an chomhair eatarthu, agus a bheidh infheidhme maidir le foireann rúnaíocht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a bheidh bainteach le cur i gcrích na gcúraimí a chuirfear ar an mBord faoin Rialachán seo.
  • Soláthróidh an rúnaíocht tacaíocht anailíseach, riaracháin agus lóistíochúil don Bhord.
  • Beidh freagracht ar an rúnaíocht as an méid seo a leanas, go háirithe:
    • (a) gnó laethúil an Bhoird;
    • (b) an chumarsáid idir comhaltaí an Bhoird, a Cathaoirleach agus an Coimisiún;
    • (c) cumarsáid le hinstitiúidí eile agus leis an bpobal;
    • (d) úsáid modhanna leictreonacha don chumarsáid inmheánach agus sheachtrach;
    • (e) faisnéis ábhartha a aistriú;
    • (f) cruinnithe an Bhoird a ullmhú agus bearta leantacha a dhéanamh i ndáil leo;
    • (g) tuairimí, cinntí ar réiteach díospóidí idir údaráis mhaoirseachta agus téacsanna eile a ghlacfaidh an Bord a ullmhú, a dhréachtú agus a fhoilsiú.