Airteagal 76

Rúndacht

  • Beidh plé an Bhoird faoi rún i gcás go measann an Bord gur gá sin, de réir mar a bhforáiltear dó sin ina rialacha nós imeachta.
  • Le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) rialófar rochtain ar dhoiciméid a chuirfear faoi bhráid chomhaltaí an Bhoird, agus a chuirfear faoi bhráid saineolaithe agus ionadaithe tríú páirtithe.