Airteagal 56

Inniúlacht an príomhúdaráis mhaoirseachta

  • Gan dochar d’Airteagal 51, beidh údarás maoirseachta na príomhbhunaíochta nó na bunaíochta aonair de chuid an rialaitheora nó de chuid an phróiseálaí inniúil chun gníomhú mar phríomhúdarás maoirseachta ar an bpróiseáil trasteorann arna déanamh ag an rialaitheoir sin nó ag an bpróiseálaí sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 60.
  • De mhaolú ar mhír 1, beidh gach údarás maoirseachta inniúil chun gearán a láimhseáil arna thaisceadh leis nó sárú ionchasach ar an Rialachán seo, má bhaineann ábhar an cháis le bunaíocht sa Bhallstát dá chuid agus léi sin amháin nó má tá éifeacht shubstainteach aige sin ar ábhair sonraí ina Bhallstát agus sa Bhallstát sin amháin.
  • Sna cásanna dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, cuirfidh an t-údarás maoirseachta an príomhúdarás maoirseachta ar an eolas faoin ábhar sin gan mhoill. Laistigh de thréimhse trí seachtaine tar éis dó a bheith curtha ar an eolas, déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta cinneadh cibé acu an ndéanfaidh sé an cás a láimhseáil nó nach ndéanfaidh i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 60, agus é á chur san áireamh cibé acu an bhfuil bunaíocht ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí i mBallstát an údaráis mhaoirseachta a chuir ar an eolas é nó nach bhfuil.
  • I gcás ina gcinnfidh an príomhúdarás maoirseachta an cás a láimhseáil, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 54a. Féadfaidh an t-údarás maoirseachta a chuir an príomhúdarás maoirseachta ar an eolas dréacht le haghaidh cinnidh a chur faoi bhráid an phríomhúdaráis mhaoirseachta sin. Déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta an dréacht sin a chur san áireamh go hiomlán agus an dréachtchinneadh dá dtagraítear in Airteagal 60(3) á ullmhú aige.
  • I gcás ina gcinnfidh an príomhúdarás maoirseachta gan an cás a láimhseáil, láimhseálfaidh an t-údarás maoirseachta a chuir an príomhúdarás maoirseachta ar an eolas an cás de réir Airteagal 61 agus Airteagal 62.
  • Is é an príomhúdarás maoirseachta amháin a bheidh ina idirghabhálaí leis an rialaitheoir nó leis an bpróiseálaí i ndáil le próiseáil trasteorann arna déanamh ag an rialaitheoir sin nó ag an bpróiseálaí sin.