Airteagal 68

An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí

  • Bunaítear an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí (an “Bord”) leis an Rialachán seo mar chomhlacht de chuid an Aontais agus beidh pearsantacht dhlíthiúil aige.
  • Is é Cathaoirleach an Bhoird a dhéanfaidh ionadaíocht thar a cheann.
  • Ar an mBord, beidh ceannaire ó údarás maoirseachta amháin ó gach Ballstát agus beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, nó a n-ionadaithe faoi seach.
  • I gcás ina mbeidh níos mó ná údarás maoirseachta amháin i mBallstát freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bhforálacha de bhun an Rialacháin seo, ceapfar ionadaí comhpháirteach i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin.
  • Beidh sé de cheart ag an gCoimisiún a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí agus i gcruinnithe an Bhoird ach ní bheidh cead vótála aige. Déanfaidh an Coimisiún ionadaí a ainmniú. Déanfaidh cathaoirleach an Bhoird gníomhaíochtaí an Bhoird sin a chur in iúl don Choimisiún.
  • Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 65, beidh cearta vótála ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir le cinntí a bhaineann leis na prionsabail agus na rialacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a fhreagraíonn go substaintiúil do na cinn sa Rialachán seo, agus maidir leis na cinntí sin amháin.