Airteagal 55

Inniúlacht

  • Beidh gach údarás maoirseachta inniúil chun na cúraimí a sannadh dó a chomhlíonadh agus na cumhachtaí a tugadh dó a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán seo ar chríoch a Bhallstáit féin.
  • I gcás inarb iad údaráis phoiblí nó comhlachtaí príobháideacha a bheidh ag gníomhú ar bhonn phointe (c) nó phointe (e) d’Airteagal 6(1) a dhéanfaidh an phróiseáil, is é údarás maoirseachta an Bhallstáit lena mbaineann a bheidh inniúil. I gcásanna den sórt sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 56.
  • Ní bheidh údaráis mhaoirseachta inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí próiseála cúirteanna atá ag gníomhú ina gcáil bhreithiúnach.