- Gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach atá ar fáil, lena n-áirítear an ceart gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta de bhun Airteagal 77, beidh an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil ag gach ábhar sonraí i gcás ina measann sé nó sí gur sáraíodh a gcearta faoin Rialachán seo mar thoradh ar phróiseáil a shonraí paearsanta nóa sonraí pearsanta i nemahchomhlíonadh an Rialachain seo.
- Tionscnófar imeachtaí i gcoinne rialaitheoir nó próiseálaí os comhair na gcúirteanna sa Bhallstát ina bhfuil bunaíocht ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí. De rogha air sin, féadfar na himeachtaí sin a thionscnamh os comhair na gcúirteanna sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí ar an ábhar sonraí, ach amháin más údarás poiblí de chuid Ballstáit é an rialaitheoir nó an próiseálaí atá ag gníomhú i bhfeidhmiú a chumhachtaí poiblí.
Airteagal 79