Airteagal 69

Neamhspleáchas

  • Gníomhóidh an Bord go neamhspleách i bhfeidhmiú a chúraimí nó a chumhachtaí de bhun Airteagail 64, 65,66, 70 agus 71.
  • Gan dochar d’iarrataí ón gCoimisiún dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 70(1) agus Airteagal 70(2), ní dhéanfaidh an Bord Eorpach, i bhfeidhmiú a chúraimí nó a chumhachtaí, treoracha a iarraidh ná a fháil ó aon duine.