Airteagal 90

Oibleagáidí rúndachta

  • Féadfaidh na Ballstáit rialacha sonracha a ghlacadh chun cumhachtaí na n-údarás maoirseachta a leagtar síos i bpointe (e) agus i bpointe (f) d’Airteagal 58(1) a leagan amach i ndáil le rialaitheoirí nó próiseálaithe atá faoi réir oibleagáid rúndachta gairmiúla nó oibleagáidí rúndachta coibhéiseacha eile, faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit nó faoi rialacha a bhunaigh comhlachtaí náisiúnta inniúla, i gcás gur gá sin agus gur comhréireach é chun réiteach a dhéanamh idir an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an oibleagáid rúndachta. Ní bheidh feidhm ag na rialacha sin ach maidir le sonraí pearsanta a fhaigheann an rialaitheoir nó an próiseálaí ó ghníomhaíocht atá cumhdaithe leis an oibleagáid rúndachta sin.
  • Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi na rialacha arna nglacadh de bhun mhír 1, faoin 25 Bealtaine 2018 ar a dhéanaí, agus tabharfaidh sé fógra freisin gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear do na forálacha sin.